Spriocdháta ...
Sprioc: 1,000,000 ráiteas tacaíochta.
Ní mór do sheacht dtír a dtairseach náisiúnta a shárú.
De réir an Choimisiúin Eorpaigh, tá Stát Iosrael freagrach as sibhialtaigh a mharú agus a ghortú ar leibhéal nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, as pobal a easáitiú ar mhórscála agus as ospidéil agus saoráidí leighis a scriosadh go córasach in Gaza. [1] Chuir Iosrael bac ar chabhair dhaonnúil freisin agus d’fhéadfaí a rá gurb ionann é sin agus ocras a úsáid mar mhodh cogaidh. Tá rialacha agus oibleagáidí iomadúla faoin dlí idirnáisiúnta á sárú ag Iosrael agus níl sé ag cur cosc ar choir an chinedhíothaithe mar a d’ordaigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta.[2]
Mar sin féin, níor chuir an tAontas Eorpach a chomhaontú comhlachais le hIosrael ar fionraí go fóill, arb é bunchloch na trádála déthaobhaí agus an chomhair eacnamaíoch agus pholaitiúil idir an tAontas agus Iosrael é.
Ní fhéadfaidh na saoránaigh den Aontas glacadh leis go bhfuil comhaontú á choinneáil ag an Aontas lena ndlisteanaítear agus lena maoinítear stát a dhéanann coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh.
Dá bhrí sin, iarraimid ar an gCoimisiún an togra a chur ar aghaidh chuig an gComhairle chun an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus Iosrael a chur ar fionraí go hiomlán.
[1] An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, nóta ó Oifig Ionadaí Speisialta an Aontais um Chearta an Duine, an 20 Meitheamh 2025 https://euobserver.com/eu-and-the-world/ar0246a0da
[2] An Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, Ordú an 26 Eanáir 2024 https://www.icj-cij.org/node/203447
Spriocdháta ...
Sprioc: 1,000,000 ráiteas tacaíochta.
Ní mór do sheacht dtír a dtairseach náisiúnta a shárú.
Is fearr chun tacaíocht iomlán de réir tíre a chur i gcomparáid.